Meas - PowerPoint PPT Presentation

1 / 25
About This Presentation
Title:

Meas

Description:

Title: PowerPoint Presentation Author: Jean Geoghegan Last modified by: Nora Created Date: 2/16/2001 7:56:54 PM Document presentation format: On-screen Show (4:3) – PowerPoint PPT presentation

Number of Views:76
Avg rating:3.0/5.0
Slides: 26
Provided by: JeanG164
Category:
Tags: meas | nios

less

Transcript and Presenter's Notes

Title: Meas


1
An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha
Scoile Tionscnamh ag scoileanna do scoileanna
  • Measúnú chun Foghlama
  • Gaelscoileanna
  • 20 Samhain 2009
  • Máire Uí Chiaráin

2
Measúnú - Ciall agus Feidhm
  • Measúnú cad é?
  • Cén fáth a ndéanaimid é?
  • An bhfuil gá leis?

3
Cad é?
  • Is próiseas é le heolas a bhailiú faoi fhoghlaim
    leanaí

4
Aidhm
  • Fáthmheas
  • Deimhniú
  • Foghlaim
  • Idirdhealú
  • Aiseolas
  • Treoir
  • Spreagadh

5
Bealaí aitheanta le Measúnú a dhéanamh
  • Measúnú suimitheach Measúnú na Foghlama (MnF)
  • Measúnú múnlaitheach
  • Measúnú chun Foghlama (McF)

6
Dhá Phríomhshaghas Measúnaithe
Suimitheach (MnF) Múnlaitheach (McF)
Cuspóir A fháil amach céard atá ar eolas ag daltaí, céard a thuigeann siad agus céard atá siad in ann a dhéanamh. An dul chun cinn atá déanta acu a thomhas Cuidiú le daltaí chun foghlaim (measúnú a chothaíonn próiseas na foghlama)
Uainiú Ceann cúrsa (i ndiaidh na foghlama) Leanúnach (le linn na foghlama)
Samplaí Trialacha agus Scrúduithe Ceistiú Aiseolas (marcáil, i scríbhinn ó bhéal) Piarmheasúnú agus féinmheasúnú
Rialú Múinteoir agus seachtrach Múinteoir agus dalta
7
McF Prionsabail agus Pleanáil
  • ? Príomhphrionsabail McF
  • ? Réasúnaíocht
  • ? Straitéisí Pleanála

8
Luaitear cúig phrionsabal le McF sa seomra ranga
  • An Rún Foghlama a chomhroinnt
  • Na Critéir Rathúlachta a chomhroinnt
  • Ceistiú ar ardchaighdeán bunaithe ar
  • na Critéir Rathúlachta
  • Aiseolas a thabhairt bunaithe ar na
    Critéir Rathúlachta
  • Piarmheasúnú agus Féinmheasúnú

9
An Rún Foghlama a Chomhroinnt
  • Ba chóir go mbeadh tuiscint shoiléir ag daltaí ar
    rún foghlama gach ceachta (cuir ar an gclár dubh
    ag tús an ranga é)
  • Is é atá i gceist leis an rún foghlama ná an
    cuspóir atá agat maidir leis na rudaí a bheidh ar
    eolas ag daltaí, na rudaí a thuigfidh siad nó a
    bheidh siad in ann a dhéanamh ag deireadh an
    ranga
  • Samplaí
  • - Ag deireadh an ranga seo ba cheart go mbeifeá
    in ann

10
Comhroinnt na gCritéar Rathúlachta
  • Tabhair critéir shoiléire shothuigthe atá
    bainteach leis an rún foghlama do na daltaí
  • Sampla
  • - ba cheart go mbeifeá in ann gaineamh, salann
    agus uisce a dheighilt óna chéile agus tú ag
    baint úsáide as modhanna áirithe agus ba cheart
    go dtuigfeá na fáthanna go bhfuil siad deighilte
  • Cabhraigh le daltaí chun na caighdeáin a bhfuil
    siad ag díriú orthu a aithint taispeáin dóibh
    obair dhaltaí eile a shroich na critéir
    rathúlachta agus mínigh na fáthanna gur shroich

11
Ceistiú ar Ardchaighdeán
  • Cruthaigh atmaisféar ranga ina mbraitheann na
    daltaí go léir slán maidir le seans a thógáil
    agus earráidí a dhéanamh
  • Cén fáth ceisteanna a chur sa rang?
  • Cén sainmhíniú a bheadh agat ar cheist mhaith?

12
Ceist mhaith?
  • Ceann a thugann ar na daltaí smaoineamh?
  • Ceann a spreagann plé?
  • Ceann a bhfuil freagra ag gach dalta uirthi?
  • Ceann a dhéanann idirdhealú idir daltaí?
  • Ceann a bhfuil mar aidhm aici?
  • Cad mar gheall ar dhaltaí nach dtugann freagraí
    sa rang?

13
Ceistiú
  • Tráth feithimh
  • Éagsúlacht sa cheistiú
  • Forbairt eochaircheisteanna (le haghaidh
    céimeanna tábhachtacha sa cheacht)
  • Caighdeán na gceisteanna
  • (Cén fáth a gceapann tú...?)
  • (An bhfeiceann tú aon ghaol idir?)
  • Ceisteanna dea-phleanáilte
  • Níos mó ná dalta amháin páirteach sa bhfreagairt

14
Aiseolas trí Ráiteas
  • Cé chomh soiléir is a bhíonn an t-aiseolas a
    thugaimid do dhaltaí?
  • Caithfidh tú iarracht níos fearr a dhéanamh
  • Déan tuilleadh forbartha ar na smaointe
  • seo
  • Iarracht mhaith, coinnigh suas í
  • Gá le breis sonraí anseo

15
Aiseolas trí Ráiteas
  • Gan ach ráiteas mar mharcáil v bronnadh marcanna
  • Freagraíonn daltaí níos fearr do ráitis
    chuiditheacha seachas grádanna amháin
  • Cuireann marcanna an bhéim ar an gcomórtas agus
    ní ar an dul chun cinn pearsanta, téann siad i
    gcoinne na foghlama comhoibrithí
  • Cuireann marcanna lagmhisneach ar dhaltaí a
    ghnóthaíonn torthaí ísle
  • Ní thugann marcanna comhairle dfhoghlaimeoirí
    maidir le conas is féidir feabhas a chur ar a
    gcuid oibre

16
Aiseolas Éifeachtach
  • An uair is éifeachtaí daiseolas ná nuair a
    chinntíonn sé do na daltaí
  • a Láidreachtaí
  • a Laigí
  • an chéad chéim Eile (agus conas)
  • (L.L.E.)

17
Féinmheasúnú agus Piarmheasúnú
  • Féinmheasúnú
  • Tá na daltaí páirteach sa mheasúnú ar phíosa
    oibre dá gcuid féin agus tá siad freagrach as an
    measúnú sin (Ní mór fios na gcritéar rathúlachta
    a bheith acu)
  • Piarmheasúnú
  • Tá na daltaí páirteach i measúnú obair dhaltaí
    eile (ní mór tuiscint shoiléir a bheith acu ar
    cad atá á lorg acu in obair a gcomhdhaltaí)
  • Is minic a théann piarmheasúnú agus féinmheasúnú
    in éineacht.

18
Féinmheasúnú agus Piarmheasúnú
  • Tá cuid mhór buntáistí ag féinmheasúnú agus ag
    piarmheasúnú thar obair atá measúnaithe ag an
    múinteoir, de réir na litríochta.
  • Éilíonn siad ar dhaltaí freagracht a ghlacadh as
    a gcuid oibre féin (bheith réamhghníomhach
    ina leith)
  • Spreagann siad an fhoghlaim trí phlé agus
    chíoradh (iarrtar ar dhaltaí a dtuairimí a
    chosaint)
  • Cuireann siad leis an inspreagadh agus leis an
    tsuim
  • Tugann siad ar dhaltaí machnamh a dhéanamh
  • Forbraíonn siad scileanna comhoibrithe

19
Straitéisí le haghaidh Féinmheasúnaithe
  • Soilse tráchta
  • Iarrtar ar dhaltaí cód dathanna a úsáid le
    tuiscint reatha ar thorthaí foghlama a léiriú
  • Samplaí oibre
  • Tugtar samplaí oibre do dhaltaí. Iarrtar orthu
    an píosa oibre is fearr a aithint maraon le
    dearmaid choitianta agus cúiseanna leo
  • Scéimeanna marcála
  • Tugtar scéim mharcála do dhaltaí agus iarrtar
    orthu í a úsáid chun a bhfreagraí féin a cheartú

20
Straitéisí le haghaidh Piarmheasúnaithe
  • Tosaigh le céim bheag agus bog ar aghaidh de réir
    a chéile m.sh. Iarr ar an 1ú Bhliain cóipleabhair
    a mhalartú, a sheiceáil go bhfuil lipéid curtha
    ar léaráidí, go bhfuil eochairfhocail do thopaicí
    in úsáid
  • Tabhair freagraí do thriail dóibh agus iarr orthu
    trialacha a chéile a cheartú (triail ghairid)
  • Iarr ar dhaltaí ceisteanna TS nó AT a fhreagairt,
    tabhair scéim mharcála dóibh agus iarr orthu
    ceisteanna a chéile a cheartú

21
Modheolaíochtaí Teagaisc McF
  • Gan ach ráiteas mar mharcáil
  • Ionchur ó dhaltaí i gcinntí faoi obair bhaile
  • Obair bhaile a chur ar an gclár dubh ag tús an
    ranga
  • Daltaí ag scríobh ceisteanna do thrialacha
  • Daltaí ag cur ceisteanna
  • Ceistiú ag an múinteoir (gan lámha in airde!)
  • Tráth feithimh
  • Obair phéire agus obair ghrúpa (ar chleachtaí
    ranga)
  • Féinmheasúnú ag daltaí (soilse tráchta)
  • Piarmheasúnú ag daltaí
  • Eile

22
Cén fáth Measúnú chun Foghlama -taighde
  • Spreagann McF daltaí le bheith níos gníomhaí agus
    níos freagraí mar rannpháirtithe ina gcuid
    foghlama féin
  • De réir tuarascáil OECD bíonn neartú suntasach i
    ngnóthachtáil daltaí a mbaintear leas as an
    measúnú múnlaitheach mar mhodheolaíocht sa
    teagasc a bhíonn acu (OECD, 2005) ECFE, 2005
  • Leanann dul chun cinn i bhfoghlaim daltaí measúnú
    múnlaitheach agus is i gcás na ndaltaí laga is mó
    an dul chun cinn
  • (Black and Wiliam, Kings College London, 2000)

23
Cén fáth Measúnú chun Foghlama pleanáil agus
feabhsú scoile
  • Spreagann sé múinteoirí chun machnamh a dhéanamh
    ar a gcleachtas ranga
  • Daingníonn sé cultúr cleachtas nuálach
  • Cothaíonn sé cultúr comhoibríoch i measc
    múinteoirí mar roinn ábhair agus ar bhonn
    traschuraclaim
  • Cuireann sé an teagasc agus an fhoghlaim ar chlár
    na forbartha scoile
  • Ba chóir tarraingt ar McF níos minicí i gcomhar
    le modhanna eile measúnaithe (Tuarascálacha
    Cigireachta Scoile 2006-07)

24
PLEAN GNÍMH MEASÚNAITHE GRÚPA_________________
DÁTA____________
STRAITÉIS McF SPRIOC-GHRÚPA (RANG, BLIAIN,) MÉID AMA LEAGTHA SÍOS DON CHLEACHTAS GNÍOMHAÍOCHTAÍ (CÉARD ATÁ LE DÉANAMH?) CRITÉIR RATHÚLACHTA (CONAS A BHEIDH A FHIOS AGAT AN BHFUIL AG ÉIRÍ LEIS?) DÁTA LE hAGHAIDH ATHBHREITH-NITHE


Is féidir le múinteoirí aontú ar triail a bhaint
as líon teicnící féachaint an bhfuil aon dul chin
cinn suntasach san fhoghlaim, san inspreagadh nó
i gcuimsiú na ndaltaí go léir. Is féidir
athbhreithniú tar éis tréimhse áirithe ama a phlé
féachaint an bhfuil an teicníc ina cabhair agus
an scaipfí amach níos leithne í, an leanfaí léi,
an stopfaí í nó an leasófaí í.
25
Críoch
  • maireuichiarain_at_sdpi.ie
  • Príomhoifig 018057729
  • Suíomh Gréasáin www.sdpi.ie
Write a Comment
User Comments (0)
About PowerShow.com