Anails ar Ghaeilge labhartha na bpist i scoileanna lnGhaeilge - PowerPoint PPT Presentation

1 / 30
About This Presentation
Title:

Anails ar Ghaeilge labhartha na bpist i scoileanna lnGhaeilge

Description:

M inteoir , p ist agus tuismitheoir na scoileanna a ghlac p irt sa taighde ... chairde th beidh siad d reach ag r leat b c ramach ag labhairt mar sin mar ... – PowerPoint PPT presentation

Number of Views:111
Avg rating:3.0/5.0
Slides: 31
Provided by: duib
Category:

less

Transcript and Presenter's Notes

Title: Anails ar Ghaeilge labhartha na bpist i scoileanna lnGhaeilge


1
Anailís ar Ghaeilge labhartha na bpáistí i
scoileanna lán-Ghaeilge
  • Pádraig Ó Duibhir
  • Coláiste Phádraig, Droim Conrach
  • padraig.oduibhir_at_spd.dcu.ie
  • Comhdháil Ghaelscoileanna
  • 20 Samhain 2009

2
Buíochas
  • Múinteoirí, páistí agus tuismitheoirí na
    scoileanna a ghlac páirt sa taighde
  • An Chomhairle um Oideachas agus Gaeltachta agus
    Gaelscolaíochta, agus Coiste Taighde Choláiste
    Phádraig a chuidigh le costais an taighde
  • Tá cóip den tráchtas le fáil ag
    http//www.spd.dcu.ie/main/academic/education/Cou
    rses/documents/Taighde_POD.pdf

3
Taighde ar shealbhú teanga
  • Próiseáil ar ionchur teanga díríonn
    foghlaimeoirí ar bhrí na teanga seachas ar
    fhoirm, ar struchtúr nó ar ghramadach (VanPatten,
    1996)
  • Sa chóras tumoideachais bíonn béim ar thuiscint
    agus ar bhrí a bhaint as an teanga seachas ar
    fhoirm (Lyster, 2007)
  • Is féidir le foghlaimeoirí neamhaird a dhéanamh
    de chomhréir agus braith ar eolas ón gcomhthéacs
    chun brí a bhaint as téacs/ráiteas ionchódú
    riailbhunaithe v ionchódú eiseamláirbhunaithe
    (Skehan, 1998)

4
Taighde ar shealbhú teanga
  • Ról tábhachtach ag giniúint teanga (labhairt,
    scríobh) agus is féidir brú a chur ar
    fhoghlaimeoirí díriú ar chomhréir/fhoirm trí
    thascanna áirithe pushed-output (Swain, 1985,
    2005)
  • Chomh luath is atá cumas cumarsáide
    leordhóthanach (communicative sufficiency) bainte
    amach is beag brú nó spreagadh atá ann labhairt
    go cruinn (Day and Shapson, 1987)

5
Sealbhú na Gaeilge i scoileanna lán-Ghaeilge
  • Baineann daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge
    ardchumas amach sa Ghaeilge i gcomparáid le
    daltaí i scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar
    dhara teanga (Harris, Forde, Archer, Nic
    Fhearaile O'Gorman, 2006)
  • Líofacht an-mhaith sa dara teanga ach ní
    bhaineann siad amach cumas an chainteora dúchais
    maidir leis na scileanna ginchumais (labhairt
    agus scríobh) (Henry, Andrews Ó Cainín, 2002)
  • Gaeilge labhartha na bpáistí i scoileanna
    lán-Ghaeilge cosúil le cineál criól (Nic Pháidín,
    2003 Ó Cíobháin, 1999)

6
Cuspóirí agus cur chuige an taighde
  • Cad iad na gnéithe de Ghaeilge labhartha na
    bpáistí i rang 6 i scoileanna lán-Ghaeilge tar
    éis 7-8 bl. de thumoideachas (5,000 uair)?
  • Cén dearcadh atá ag na daltaí maidir lena gcumas
    féin?
  • Roghnaíodh sampla de 9 scoil lán-Ghaeilge 2
    scoil Ghaeltachta (mar bhonn comparáide)
  • Iarraidh ar na daltaí ionad spraoi a dhearadh i
    ngrúpaí de thriúr ghlac an rang iomlán páirt sa
    tasc ag an am céanna
  • Athchuimhne spreagtha (daltaí sna scoileanna
    lán-Gh)
  • Ceistneoir do na daltaí sna scoileanna lán-Gh.
  • Agallaimh ar mhúinteoirí sna scoileanna lán-Gh.

7
Corpas
  • 9 scoil lán-Ghaeilge ar fud na 26 chontae 2
    scoil Ghaeltachta (Catagóir A)
  • físthaifeadadh ar 3 ghrúpa i ngach scoil
  • trascríobh ar an gcéad 20 nóim.
  • 7 huaire 20 nóim. cainte
  • 65 dalta Gaelscoile
  • 15 dalta Gaeltachta
  • 35,338 focal ar fad
  • 30,785 focal daltaí lán-Ghaeilge
  • 4,553 focal daltaí Gaeltachta

8
Anailís ar an trascríobh
  • bhí earráidí i 29.2 de ráitis na ndaltaí (gan
    an Béarla a chur san áireamh)
  • focail i mBéarla a bhí i 10 den chorpas sc.
    lán-Ghaeilge (daltaí Gaeltachta 6.65)
  • comharthaí an dioscúrsa yeah, no, so,
    okay, just, like, and right ab ea 6.34
    den chorpas lán-Ghaeilge, 4.69 den chorpas
    Gaeltachta

9
Cineál earráide
  • Comhréir an ainm bhriathartha an bhfuil muid
    ábalta faigh níos mó capaillín?
  • An chopail tá sé bord mór , tá sin an
    geata
  • Moirfeolaíocht na mbriathra caithfimid faigh
    an túr, an déanfaidh mise rud éicint? Cé
    mhéad a bhfuil fágtha againn?
  • Caint indíreach ach ceapaim dúirt an fear sin
    gur ehm gur

10
Cineál earráide
  • Forainmneacha réamhfhoclacha dhá cinn de é
    sin triúr de iad seo
  • Tionchar an Bhéarla -cad a bhfuil sé le
    haghaidh anyway? tá sibh ag déanamh mo cheann
    isteach tá tú ag gortú mo feelings
  • Comharthaí an dioscúrsa yeah, no, so, okay,
    just, right, like

11
An chopail is
  • Sin an bord. Sin é an bord. Is é sin an bord.
  • Tá sin an pháirc síos ansin.
  • Tá sé bord mór.
  • Sin an geata isteach chuig an scoil. (Dalta
    Gaeltachta)
  • Now, tá sin an slí isteach, tá sin an geata
  • Tá sin céad euro
  • So, tá sé dhá chéad euro

12
Fíor 1 An chaoi gur úsáid na daltaí i scoileanna
lán-Ghaeilge gnéithe den chopail is
67.2
32.7
13
An briathar rialta cuir
  • Cur é sin isteach. (Cuir)
  • An cuir tú isteach sleamhnán gearr? (Ar chuir )
  • Táimid in ann cur an díon canbháis ( a chur)

14
Fíor 2 An chaoi gur úsáid na daltaí i scoileanna
lán-Ghaeilge an briathar rialta cuir
73.9
26.1
15
An briathar rialta caith
  • An caithfidh tú an bonn agus an slabhra a fháil?
    (An gcaithfidh tú)
  • Ní chaithfimid faigh gach rud. (gach rud a
    fháil)

16
Fíor 3 An chaoi gur úsáid na daltaí i scoileanna
lán-Ghaeilge an briathar rialta caith
51.2
48.8
17
An briathar neamhrialta déan
  • Just dhéan slant ag teacht síos. (Déan)
  • Dhéan mé é. (Rinne mé é)
  • Dhéanfaimid like footprints ansin. (Déanfaimid
    )
  • Bhí mé ábalta déan é i mo cheann. (é a
    dhéanamh)
  • Bhfuil cead mise déanamh rud éigin? (..rud éigin
    a dhéanamh.)
  • Tá sé sin dhéanamh againn. ( déanta)

18
63
37
19
An briathar neamhrialta faigh
  • An fuair tú? (An bhfuair tú?)
  • Níor fuair mé. (Ní bhfuair mé)
  • Right so bhfaighimid rúlóir. (Gheobhaimid..)
  • An faighimid é sin? (An bhfaighimid)
  • An gheobhaimid capaillín? (An bhfaighimid.)
  • Táimid ag faigh é sin. (ag fáil/á fháil)
  • An bhfuil muid ag fháil siad?

20
56
44
21
63
37
22
Dearcadh na ndaltaí ar a gcuid earráidí
  • Athchuimhne spreagtha
  • (Stimulated recall)

23
Céim 1
  • Bhí 50 acu míshásta lena gcaighdeán féin
  • Thig leis a bheith níos fearr.
  • Tá sé níos measa ná a shíl mé.
  • Tá a lán focal Béarla istigh ann.
  • Like, oh my God, yeah, probably
  • Tá sé saghas uafásach an Ghaeilge a dúsáid
    muid.
  • Mar cheap mé go raibh Gaeilge maith againn.
  • Taighdeoir. An raibh a fhios agaibh go raibh siad
    sin á n-úsáid agaibh? (comharthaí an dioscúrsa)
  • No, tá sé just like habit.
  • Scríbhneoireacht Yeah mar tá tú ag smaoineamh ar
    céard a bhfuil tú ag scríobh síos.

24
Céim 2
  • T. Má deir tú leis an múinteoir Tá sin an peann
    luaidhe Céard a déarfadh sí?
  • J. Is peann luaidhe é sin.
  • T. An bhfuil bealach níos fearr chun tá sin an
    airgead a rá.
  • J. Sin an méid airgid a bhí ceadaithe.
  • Déirigh leis na daltaí 85 de na botúin leis an
    gcopail a cheartú nuair a tarraingíodh aird orthu
    agus nuair a fuair siad leideanna mar seo.
    Cheartaigh siad 50 de na botúin leis an ainm
    briathartha gur tarraingíodh aird orthu agus i
    gcásanna eile nuair a tugadh leideanna dóibh.
    (m.sh. Dá mba rud é go ndúirt tú leis an
    múinteoir An bhfuil cead agam faigh leabhar?
    Céard a déarfadh sí?)

25
Céim 3
  • T. Cén fáth a ndéanann tú botún mar sin nuair atá
    an rud ceart ar eolas agat?
  • Bfhéidir tá tú ag iarraidh deir é just chun
    faigh é amach agus níl tú ag thabhairt a lán
    smaoineamh air.
  • Mar nuair atá tú ag dul timpeall le do chairde is
    Béarla a bíonn á labhairt agat agus ansin nuair a
    thagann tú ar scoil is é Gaeilge agus caithfidh
    tú smaoineamh faoi.
  • Ní smaoiníonn tú.
  • Nuair a bhíonn tú ag caint leis an múinteoir,
    roimh téann tú suas, bíonn tú ag smaoineamh ar
    cad a bhfuil tú chun rá leis. Like roimh cuireann
    tú do lámh suas caithfidh tú smaoineamh. Cad é an
    Ghaeilge ar an rud atá tú ag iarraidh?
  • Only faigheann tú an Ghaeilge maith i like rang 6
    agus tá tú used to an Gaeilge eile.

26
Céim 3 ar lean
  • T. An gceartaíonn sibh a chéile riamh?
  • Ní it depends. Bfhéidir if tá tú ag caint Béarla
    a lán, beidh tú ceartaithe.
  • Uaireanta cuireann sé isteach ort má tá duine sa
    rang ceapann siad go bhfuil a fhios acu gach rud
    Má cheartaíonn do chairde thú beidh siad
    díreach ag rá leat bí cúramach ag labhairt mar
    sin mar gheobhaidh tú i dtrioblóid. Mar tá do
    chairde ag féachaint amach duit, i mBéarla
    looking out for you. Níl a fhios agam é seo i
    Gaeilge. Mothóidh tú embarrassed, mar tá gach
    duine timpeall agus ceartaigh duine thú.
  • No. Mar tá a fhios agam cad a bhfuil tú like ag
    iarraidh a rá, so ní dheir mé aon rud.

27
Torthaí
  • líofacht agus cumas cumarsáide an-mhaith chuir
    siad í féin in iúl gan dua i gcomhthéacs an tasc
    seo
  • sealbhú T2 teoranta do shuíomh na scoile agus
    srianta dá bharr (Baker, 2002)
  • baineann na gnéithe nach bhfuil sealbhaithe acu
    le struchtúir atá éagsúil sa Ghaeilge ón mBéarla
  • ní hionann Labhair Gaeilge agus labhair í go
    cruinn i súile na bpáistí
  • b'fhéidir go dtarraingíonn siad ar an ionchódú
    eiseamláirbhunaithe nuair atá brú cumarsáide
    orthu i dtasc, dá mbeadh níos mó ama acu
    smaoineamh d'fhéadfaidís tarraingt ar an ionchódú
    riailbhunaithe a beadh níos cruinne

28
Torthaí ar lean
  • Nuair a fuair na daltaí deis breathnú ar an
    taifeadadh agus iad féin a chloisteáil
  • Shíl siad nach raibh a gcuid Gaeilge chomh maith
    is a cheap siad roimhe sin.
  • Thug siad an códmheascadh faoi deara.
  • Daithin siad cuid de na laigí agus cheartaigh
    siad na cinn sin.
  • Níor thug siad na botúin leis an gcopail agus
    leis an ainm briathartha faoi deara mura
    dtarraingíodh aird orthu agus mura bhfuair siad
    leideanna.
  • Thuig siad go sealbhaíonn siad botúin a chéile.
  • Ní bhíonn said ag faire ar chruinneas a gcuid
    Gaeilge nuair a bhíonn siad ag caint lena
    gcairde.

29
Roinnt impleachtaí
  • an chaoi a mhúintear an chopail an dtuigeann
    daltaí Gaelscoile go mbíonn an chopail Is
    intuigthe i ráiteas áirithe?
  • an bhfuil sé soiléir go leor san ionchur?
  • Sin an bord. Sin é an bord. Is é sin an bord.
  • aird a dhíriú ar an ainm briathartha
  • na foirmeacha spleácha de na briathra

30
Roinnt impleachtaí
  • Cathain a thagann na botúin chun cinn?
    gníomhaíochta ina mbíonn fócas ar fhoirm teacht
    roimh na botúin
  • Tá mise an only duine sa rang seo atá ocht
    mbliana daois dalta Gaelscoile i rang 1
  • cothromaíocht idir cur chuige ó thaithí agus cur
    chuige anailíseach béim ar fhoirm agus ar bhrí
    tar éis rang 2
  • foghlaim féinriartha (autonomous) a spreagadh
Write a Comment
User Comments (0)
About PowerShow.com