An Spailp - PowerPoint PPT Presentation

About This Presentation
Title:

An Spailp

Description:

An Spailp n F nach File Anaithnid N ta Gn thl ibh al Le Staid ar File Anaithnid, N fios c chum Teideal t arma d mheasa , scl bha Su omh ire ... – PowerPoint PPT presentation

Number of Views:52
Avg rating:3.0/5.0
Slides: 9
Provided by: Nicola218
Category:
Tags: spailp

less

Transcript and Presenter's Notes

Title: An Spailp


1
An Spailpín Fánach
  • File Anaithnid
  • Nótaí Gnáthléibhéal

2
Le Staidéar
  • File Anaithnid, Ní fios cé chum
  • Teideal téarma dímheasa é, sclábhaí
  • Suíomh Éire san 18ú/19ú haois nuair a bhí na
    Sasanaigh i gceannas le na péindlíthe
  • Téama Saol crua an spailpín
  • Mothúcháin Fearg, frustrachas, náire, tuirse,
    bród srl
  • Mar a chuaigh an dán i gcion ort Teicnicí msh
    codarsnacht, friotal, comparáid, meafair,
    uaim/comhuaim, íomhánna, meadaracht, atmaisféar,
    nádúr/dúlra

3
Téama
  • Téama Is é saol crua sclábhúil an spailpín
    téama an dáin seo, An Spailpín Fánach. Bhí saol
    crua gan faoiseamh aige agus bhí sé tinn
    tuirseach de.
  • Thaisteal sé ar fud na háite ag lorg oibre ó
    Cluain gheal Meala go Caiseal agus Durlas
    go Tiobraid Árann. Mar sin bhí sé beo bocht
    agus i gcónaí ag éirí tinn ag bailiú galair
    ráithe.
  • Bhí muintir na hÉireann beo bocht faoi smacht na
    Sasanaigh. Ní raibh meas ag éinne ar na
    spailpíní. Bhí an spailpín réidh chun troid in
    aghaidh na Sasanaigh cleith is píc chun sáite.

4
Mothúcháin
  • Bhí a lán mothúchán sa dán seo bród, fearg,
    náire, trua, frustrachas, fuath, tuirse, daoirse
    agus tírghrá ina measc.
  • Bhí meascán de náire agus bród ar an bhfile. Ba
    fuath leis a shaol mar spailpín go deo deo arís
    ní raghad go Caiseal ach ag an am céanna thuig
    sé go raibh sé an-mhaith ag obair chun tosaigh
    céard leo.
  • Saol frustrach a bhí ann gan dabht.

5
Ceisteanna buntusiceana
  1. Cén post a bhíodh ag an bhfile? Ba file é ar dtús
    ach anois is Spailpín fánach é.
  2. Cá raibh sé ag obair? Bhí sé ag obair ó áit go
    háit mar shampla i gCaiseal, i Dúrlas, i gCarraig
    na Siúire agus i gCallainn.
  3. Conas a bhí sláinte an fhile? Bhí sláinte an
    fhile go dona. Bhí sé tinn go minic ag bailiú
    galair ráithe. Bhí i gcónaí amuigh go moch ar
    maidin ag lorg oibre i ngach sórt aimsire.
  4. Cé a bhí i gceannas ar mhuintir na hÉireann? Na
    Sasanaigh bodairí na tíre
  5. Cad a bhí ar siúl aige i gCaiseal? Chuaigh sé go
    dtí an margadh hireálta i gCaiseal.
  6. Cad ba mhaith leis an bhfile a dhéanamh? Ba
    mhaith leis an bhfile troid chun na Sasanaigh/na
    bodairí a chaitheamh amach.

6
Atmaisféar
  • Bhí atmaisféar míshona sa dán seo. Bhí an file
    feargach agus frustrach lena shaol agus le cúrsaí
    in Éirinn.
  • Ba fuath leis na Sasanaigh (bodairí na tíre) a
    bhí i gceannas agus ní bhfuair sé meas ó éinne.
    Ghlaoigh siad Spailpín go maslach air.
  • Is léir nach raibh atmaisféar áthasach sa dán seo.

7
Ar thaitin an dán seo leat?
  • Thaitin an dán seo go mór liom cé go bhfuil sé
    brónach.
  • Bhí saol crua ag an bhfile, ag bogadh ó áit go
    háit ag lorg oibre. Bhí sé i gcónaí tinn. Ní
    raibh meas ag aon duine air. Bhí brón orm ag
    léamh faoi sin. ag bailiú galair ráithe
  • Ach is maith liom spiorad an fhile sa dán. Ba
    mhaith leis troid chun a shaol a athrú.cléith
    is píc chun sáite.
  • Chomh maith le sin bhí a lán eolas faoi stair na
    hÉireann sa dán agus cheap mé go raibh sé
    suimiúil. Dfhoghlaim mé faoi stádas na daoine
    agus an sórt saoil a bhí acu. Bhain mé
    an-taitneamh as.

8
Ceisteanna Samplacha
  • Cad é téama an dáin seo? (5 líne)
  • Déan cur síos ar dhá íomhá.
  • Cad is brí leis an teideal?
  • Cad é an mothúcháin is mó sa dán seo?
  • Cad is brí leis an líne..
  • Scríobh 3 phointe faoin bhfile.
  • An bhfuil aon meafair sa dán seo? Mínigh.
  • Cén saghas atmaisféar atá sa dán seo?
  • Ar thaitin an dán seo leat?
  • Déan cur síos ar codarsnacht sa dán seo.
Write a Comment
User Comments (0)
About PowerShow.com