1. Cad a dh - PowerPoint PPT Presentation

1 / 103
About This Presentation
Title:

1. Cad a dh

Description:

... S amus Mac Annaidh (1961) Cuaifeach mo Londubh Bu ( 83) Robert Schumann (?) Kinderszenen ( 87) Liam Mac C il (1952) An Dr thas ( 94) P draig ... – PowerPoint PPT presentation

Number of Views:872
Avg rating:3.0/5.0
Slides: 104
Provided by: Garr124
Category:
Tags: cad | robert | schumann

less

Transcript and Presenter's Notes

Title: 1. Cad a dh


1
(No Transcript)
2
Treoracha Liteartha San Fhichiú hAois
Garry Bannister
3
(CUID 1)Tosach na Fichiú hAoise(Litríocht na
hAthbheochana)
4
Tosach na hAthbheochana 1893
Bunaíodh Conradh na Gaeilge 1893
5
Na chéad chéimeanna leochaileacha
  • Easpa foinsí léitheoireachta nua-aoiseacha

An tAthair Peadar Ó Laoghaire (1839 - 1920)
Séadna 1904
Niamh 1907
6
Traidisiúnaithe v Forásaigh
Traidisiúnaithe - traidisiúin na 17ú haoise
Forásaigh - nua-litríocht idirnáisiúnta
Cainteoirí Dúchais v Gaeilgeoirí
Cainteoirí dúchais - cainteoirí
Gaeltachta Gaeilgeoirí - cainteoiri Galltachta
foglaimeoirí
7
Traidisiúnaithe an tAthair
Risteárd de hIndeberg (1863 1916) urlabhraí
na dTraidisiúnaithe
  • Chloígh siad le traidisiúin an bhéaloidis

go daingean i gcoinne na hanála Gallda
8
  • Pádraig Ó Duinnín


Cormac Ó Conaill úrscéal staire 1901
Creideamh agus Gorta dráma 1901
Dfhoilsigh sé eagráin de dhánta na bhfilí móra
Aodhagán Ó Rathaille,Eoghan Rua Ó Súilleabháin,
Seán Clárach Mac Domhnaill, Piaras
Feiritéar Irish-English Dictionary - 1904,
1927, 1934.
9
Bhí scéalta an tSeabhaic neadaithe i dtraidisiún
scéalaíochta
An Baile Seo Gainne - gearrscéalta tuaithe 1913
Seáinín nó Eachtra Mic Mírialta úrscéal 1922
Jimín Mháire Thaidhg scéal grinn 1922
10
Cainteoirí dúchais v Foghlaimeoirí
Séamas Ó Grianna (1889 1969) a bhí ina
urlabhraí ionsaitheach ar son na gcainteoirí
dúchasacha a cheantair féin.
11
Cainteoirí dúchais in adharca a chéile
Séamas Ó Grianna
Oscail Fáinne an Lae do na canúintí go dtroide
an cath in ainm Dé. Níl ach amaidí dúinn a rá
nach bhfuil an cath seo romhainn, nó nach bhfuil
ábhar troda ar bith againn. Tá daoine a deir nach
bhfuil difear ar bith idir na canúintí. Ní
amhlaidh. Ní aon chineál amháin Gaeilge atá ó
Chonamara go Rosa Tír Chonaill agus atá i gCúige
Mumhan. Ní aon teanga amháin iad. Agus is
amaideach an té a déarfaidh gurb ea.
12
Pádraig Mac Piarais (1879 1916)
Duine de na Forásaigh
The lesson that Séadna has taught us is that in
writing your prime care must be , not to imitate
this or that dead or living writer, but first and
foremost to utter yourself. the ordinary speech
of the people is never literature, though it is
the stuff of which literature is made.
13
Foinse na Teanga Beo
Cruinniú i Londain de Chonradh na Gaeilge i
Halla Aindriú Naofa i 1903
An Piarsach Tá go leor Gaeilgeoirí againn
anois in Éirinn sa chaoi nár bhaol don Ghaeilge
anois fiú má fhaigheann sí bás sa Ghaeltacht
Pádraic Ó Conaire Níl an ceart agat! Má
fhaigheann an Ghaeltacht bás, tá an Ghaeilge
marbh.
14
An Dírbheathaisnéis
1. Caint na ndaoine taifead den teanga mar a
labhraíodh í sa Ghaeltacht.
2. Cáipéis Shóisialta cuntas ar thréithe
éagsúla de shaol na nGaeltachtaí
3. Ábhar léitheoireachta ganntanas
léitheoireachta do lucht foghlamtha na Gaeilge
4. Bailiú an bhéaloidis suim mhór faoin am i
mbailiú scéalta béalaoidis
5. Abheochain suim is tuiscint nua maidir le
tábhacht na teanga mar chuid dílis danam
an duine agus an chultúir.
15
Allagar na hInse 1928
Sleachta as dialann Thomáis atá sa leabhar seo
ar nósanna agus ar na contúirtí ar na
hoiléain Brian Ó Ceallaigh a thug
moladh, tacaíocht, agus cúnamh dó
Tomás Ó Criomhthain (1856 1937)
An tOileánach 1929
2002 eagrán faoi eagarthóireacht ag Seán Ó
Coileáin
Foinse teanga
Foinse athbheochana
Foinse sóisialta agus staire struchtúr
sóisialta, cothú na n-oileánach, ar oideachas,
tithíocht, cúrsaí polaitíochta áitiúla,
béasanna, siamsaíocht, modhanna beatha, ar
chúrsaí creidimh, etc..
16
Seanchaí a dheachtaigh scéal a beatha dá mac,
Mícheál file
Foilsíodh Peig i 1936
Saothair eile uaithi
Machtnamh SeanaMhná 1939
Peig Sayers (1873 1959)
Beatha Pheig Sayers 1970
Robin Flower, Kenneth Jackson agus Seosamh Ó
Dálaigh a bhailigh a lán scéalta eile ó Pheig
360 díobh nach bhfuil foilsithe fós!
Ceann de na foinsí is saibhre den bhéaloideas
Cáipéis shóisialta ó pheirspictíocht mná
Tionchar ar údair na Gaeilge Ó Ríordáin, Ó
Tuama,..
Ábhar leitheoireachta dfhoglaimeoirí na
Gaeilge
17
Rotha Mór an tSaoil 1959
  • Cuntas ar shaol an imircigh
  • An Ghaeilge in ngleic le coincheapa iasachta
  • Canúint Chúige Uladh foclóir, abairtí,
    comhréir
  • Cáipéis shóisialta béasanna na nÉireannach
  • thar lear, anáil na himirce ar Mhicí agus a
    chairde.

18
Tomás Ó Criomhthain
Muiris Ó Súilleabháin (1904 1950)
Fiche Bliain ag Fás - 1933
  • Bhí mór-éileamh ar an leabhar
  • Faoi eagarthóireacht ag George Thomsom
  • Aistrithe go Béarla ag Thomson agus Moya
  • Llewellyn Davies Twenty Years a-Growing

19
Dónall Mac Amhlaigh 1926 - 1989
Dialann Deoraí (1960) díbheathaisnéis ar an
Naibhíocht i Sasana sna caogaidí.
Iriseoir oilte ea ba MacAmhlaidh Dealramh
sníofa snasta ar stíl na teanga
Béarlachas gan náire an teanga mar a labhraítí
í i measc na n-imirceach, an teanga ag iomrascáil
le coincheapa Gallda
Inléiteacht Gaeilge shimplí arbh fhéidir a
Léamh gan dua.
20
Dialann Deoraí (1960)
Dírbheathaisnéis an deoraí naibhíocht thar
lear, miontráchtaracht ón taobh istigh ar
na cúinsí maireachtála, timpeallachtaí sóisialta
don imirceach Éireannach ag obair i
Sasana Meascán de Bhéarla agus de Ghaeilge,
comhréir agus abairtí tógtha ón Bhéarla gan
scrupall ar bith, mar shampla buildeálacha (i.
foirgnimh) agus Choinnigh sé ag imeacht mé.
(i. Níor lig sé dom maolú ar luas mo chuid
oibre.) Cainteoir agus scríbhneoir gan aon chur
i ngéill ann maidir le cruinneas a theanga ná le
fíneáltacht a chuid gramadaí amhail na
Francaigh agus an franglais rinne sé a chuid
féin den teanga.
21
(CUID 2)
Breith an Úrscéil
22
Na Chéad Iarrachtaí
Cathal Ó Háinle An tÚrscéal nár tháinig (1978)
  • míshuaimhneas polaitiúil
  • díláithriú cultúir dhúchasaigh

Úna Ní Fhairceallaigh (1874 -1951)
Grádh agus Crádh (1901) (24 lch.)
An Cneamhaire (1903) (32 lch.)
23
na trí phríomh-genre
An t-úrscéal stairiúil
An t-úrscéal sóisialta
An t-úrscéal eachtraíochta
24
An t-úrscéal stairiúil
1. Genre nár éirigh leis go ró-mhaith i dtosach
an chéid
2. An iomarca den mhaoithneachas,
bholscaireacht,..
3. Níor thuigeadar na teorannacha idir an
t-úrscéal rómánsach agus an t-úrscéal
stairiúil.
4. Ach ba é an genre roghnaithe ag an chuid is mó
de na húrscéalaithe tosaigh sa chéad leath
den aois.
25
An t-úrscéal stairiúil
1903 Mac Finghín Dubh le Pádraig Ó Séaghdha
1920 Mo Dhá Róisín le Séamus Ó Grianna
1922 Tusa a Mhaicín le Fionn Mac Cumhaill
1923 Róisín Bán an tSléibhe le Nioclás Tóibín
1928 An Rábaire Bán le Nioclás Tóibín
1928 Mac Buaidh na Treise le Mícheál Ó Gríobhtha
1929 Pádhraic Mháire Bhán le Seán Ó Ruadháin
1931 Eoin Rua Ó Néill le Seosamh Mac Grianna
1933 Toil Dé le hÉamonn Mac Giolla Iasachta
1933 Bun an Dá Abhann le Seán Ó Ciarghusa
1933 Paidí Ó Dálaigh le Alín de Paor
1934 An Bhruinneall Bhán le Diarmaid Ua Laoghaire
26
An t-úrscéal stairiúil
1934 Tadhg Ciallmhar le Diarmaid Ó hÉigeartaigh
1934 Ar scáth na Croiche le Nial Ó Domhnaill
1936 An Seod Do-Fhághala le hÚna Bean Uí Dhíocsa
1937 Brian le Peadar Ó Dubhda
1937 Éan Corr le Seán Mac Maoláin
1938 Iolar agus Sionnach le Seán Ma Maoláin
1939 An t-Airidheach le hAindrias Ó Baoighill
1939 Na Rosa go Bráthach le FionnMac Cumhaill
etc., etc., etc
27
An t-úrscéal stairiúil
Scéalta eachtraíochta le faoi théama stáiriúla
Grádh agus Crádh gCabhán i 1798
Mac Fighin Dubh aimsir na bPéindlithe
Iolar agus Sionnach Éirí Amach 1798
madra na n-ocht gcos, téann sé tamall den
bhóthar le cách ach ní fhanann sé fada go leor ag
cogaint ar chnámh ar bith chun lánsásamh a
thabhairt uaidh daon leathléitheoir ar bith.
(A.Titley 350)
28
An t-úrscéal stairiúil
Toil Dé (1933) le hÉamonn Mac Giolla Iasachta
  • Cogadh na Saoirse
  • Mairtín Mac Cárthaigh agus Diarmuid
  • cúinsí polaitiúla agus ceisteanna aicme
  • cáilíocht nua sa genre

29
An t-úrscéal sóisialta
1910 Deoraidheacht le Pádraig Ó Conaire
1913 Caoimhghin Ó Cearnaigh le Uilliam Ó Riain
1927 Fánaí le Seán Ó Caomhánaigh
1927 Cúrsaí Thomáis le Mac Giolla Iasachta
1928 Astronár le Piaras Béaslaí
1933 Cailín na Gruaige Duinne le Úna Uí Dhíosca
1939 An Druma Mór le Mac Grianna (foils. 1969)
1939 An Coimhthigheach le Séamas Mac Conamara
30
An t-úrscéal sóisialta
1910 Deoraidheacht le Pádraig Ó Conaire
1913 Caoimhghin Ó Cearnaigh le Uilliam Ó Riain
1927 Fánaí le Seán Ó Caomhánaigh
1927 Cúrsaí Thomáis le Mac Giolla Iasachta
1928 Astronár le Piaras Béaslaí
1933 Cailín na Gruaige Duinne le Úna Uí Dhíosca
1939 An Druma Mór le Mac Grianna (foils. 1969)
1939 An Coimhthigheach le Séamas Mac Conamara
31
Pádraig Ó Conaire
Rugadh é 20ú Feabhra 1882 1888 bás a athar - (6
bliana) 1894 bás a mháthar (12 bhliain)
1882 -1927
32
Deoraíocht (1910) le Pádraig Ó Conaire
1882 -1927
  • Bunfhréamh Nua-Litríocht na Gaeilge
  • Ceardaí tosaigh an úrscéil nua-aimseartha
  • Gníomhaire na hAthbheochana
  • Iarracht chomhfhiosach chun téamaí réalaíocha a
    thabhairt isteach sa litríocht - indibhidiúlacht,
    fadhbanna sóisialta, ceisteanna polaitiúla, etc..
  • Fealsúnacht liteartha nua á chur chun cinn

33
Deoraíocht (1910) le Pádraig Ó Conaire
Dearcadh Nua
1882 -1927
Chuaigh cuid acu (i. scríbhneoirí Rúiseacha) ag
romhar go domhain i dtalamh ar lorg na fírinne,
mar bhí siad i ndáiríre. Bhí creideamh acu agus
ní raibh siad sásta leis na finscéalta bréagacha
a bhí curtha os a gcomhair. Nuair a tháinig siad
aníos as an bpoll ina raibh siad ag cuartú, bhí
rud salach smeartha a raibh dealbh duine air acu
agus ghlaoigh siad amach in ard a ngutha Seo é
an duine! Seo é an fear! Seo í an fhírinne! P.
Ó Conaire 1908
34
Deoraíocht (1910) le Pádraig Ó Conaire
Achoimre
1882 -1927
Fágann Micheál a ghrá gheal i nGaillimh.
É ar leathláimh agus ar leathchois tar
éis timpiste. Airgead cúitimh scaipthe aige ar
ól/ ar a chairde Fostaithe i dtaispeántas
ainriochtán (seó taistil). Éiríonnn cairdeas idir
é agus an Bhean Mhór Rua. Téann an seó ar thuras
go Gaillimh. Feiceann sé a iarleannán Máire Ní
Laoi sa lucht féachana. Labhraíonn sé leis an
lucht féachana óna chroí gonta Fágtar é mar
bhacach bocht ar shráideanna Londain
35
Deoraíocht (1910) le Pádraig Ó Conaire
1882 -1927
1. Úrscéal nua-aoiseach é ina dtugar cur síos
ealaíne ar an bhfoshaol cathrach amhail mar a
dhéanfadh Camus, Sartre, Dostoievscí, Gogol,
2. Struchtúr so-atheanta an úrscéil chlasaicigh
3. Saol so-aitheanta na n-imirceoirí i Sasana
4. Téama so-thuigthe - uaigneas agus náire cime
i gcorp briste basctha i dtimpeallacht
choimhthíoch
36
Deoraíocht (1910) le Pádraig Ó Conaire
Uirísliú agus Náire
1882 -1927
Dá mbeadh a fhios ag mo mhuintir agus ag mo
chairde gaoil é, nach acu a bheadh an drochmheas
orm? Go ndéanfadh duine de mo shloinnese gníomh
mar é go mbeadh sé ina staicín mhagaidh ag an
bpobal uile, agus go ndéanfadh sé ar airgead é!
Céard a déarfaí i nGaillimh? Sin í an cheist a
chuireas orm féin agus nach minic a chuir deoraí
bocht fáin ceist dá shaghas air féin agus é i
bhfad óna bhaile dúchais
37
Deoraíocht (1910) le Pádraig Ó Conaire
1882 -1927
1. Téama uilíoch daonna coimhthíos agus
príosúnaithe a tsaoil dhearóil gan ionad
foscaidh
2. Meafaracht an cultúr dúchais atá briste,
basctha, i dtimpeallacht choimhthíoch.
3. Máistreacht stíle carachtair inchreidthe,
airítear dráma imheánach na gcarachtar, an
fhearg, an fonn díoltais, an grá, an t-éadóchas,
etc..
4. Tástáil an ama léitear fós é agus is féidir
linn ionannú leis na ceisteanna is na coimhlintí
ann
38
An t-úrscéal sóisialta
1910 Deoraidheacht le Pádraig Ó Conaire
1913 Caoimhghin Ó Cearnaigh le Uilliam Ó Riain
1927 Fánaí le Seán Ó Caomhánaigh
1927 Cúrsaí Thomáis le Mac Giolla Iasachta
1928 Astronár le Piaras Béaslaí
1933 Cailín na Gruaige Duinne le Úna Uí Dhíosca
1939 An Druma Mór le Mac Grianna (foils. 1969)
1939 An Coimhthigheach le Séamas Mac Conamara
39
Seosamh Mac Grianna (1900 1990)
  • Rugadh Mac Grianna i Rann na Feirste i 1900
  • Cáilíodh é i gColáiste Phádraig i 1921
  • San IRA.. faoi ghlas le linn an Chogaidh
    Chathartha
  • Níor ceadaíodh dó bheith ina mhúinteoir
  • 1933 1953 ina aistritheoir sa Ghúm

40
Príomhshaothair
  • An Grá is an Ghruaim gearrscéalta - 1929
  • An Druma Mór scríofa i 1933 ach foilsithe i
    1969
  • Mo Bhealach Féin 1935 ach foilsithe 1940
  • 30 bliain dá shaol in Ospidéal galair mheabhrach
  • 15 de bhlianta (1920 1935) údar cruthaitheach

41
Príomhshaothair
  • An Grá is an Ghruaim gearrscéalta - 1929
  • An Druma Mór scríofa i 1933 ach foilsithe i
    1969
  • Mo Bhealach Féin 1935 ach foilsithe 1940

30 bliain dá shaol in Ospidéal galair
mheabhrach 15 de bhlianta (1920 1935) údar
cruthaitheach
42
An Druma Mór
  • Saol an Phobail sna Rosa Thír Chonaill
  • Proinsias Ó Dúgáin - príomhcharachtar
  • Achrann faoi bhanna ceoil - an Druma Mór
  • Is le pobal Ros Cuain na gléasraí ceoil.
    Roghnaítear
  • na seinnteoirí ar a gcumas gach Féile
    Pádraig.
  • Tugann eagraíocht pholaitiúil iarracht seilbh a
    fháil ar an bhanna mar chomhartha a
    gceannasaíochta
  • Spreagtar fear uaillmhianach, Proinsias Ó Dúgáin,
    a fáisceadh as cruatan an tsaoil leis na Sons of
    St Patrick a bhunú chun an Druma Mór a chosaint
    orthu

43
An Druma Mór
  • Beathaisnéis phobail (Ó Háinle)
  • Buaic an úrscéil Ultaigh (Ó Doibhlin)
  • Taispeántar dúinn pobal iomlán,
  • a n-aislingí agus a n-idéil, a laigí
  • agus a mbrionglóidí (Ó Doibhlin)
  • (caibidil 2) giota próis ealaíonta
  • cur síos ar an dúiche máguaird

44
An Druma Mór
  • Rud sacrálta is sea an Druma Mór (Ó Doibhlin)
  • Léiríonn Mac Grianna an choimhlint idir fileatas
  • agus saoltacht an duine as an bhanna
  • Éiríonn le Seosamh Mac Grianna freisin siombail
  • an dúchais a dhéanamh den Druma Mór.

An lá roimhe sin ní raibh iontu ach fir
spáide ar pháirceanna cúnga
Ach iad ag siúl taobh thiar den Druma Mór
Bhí siad chomh stuama le Dáil agus chomh
mórluachach le heaspaig, chomh tintrí le
harm.
45
Rugadh Séamas i Rann na Feirste i 1889
Máire - ainm cleite
Séamas Ó Grianna (1889 1969)
  • Faoi ghlas é idir na blianta 1922 1924
  • Gníomhaí mór i gúrsaí critice agus teanga
  • Ag obair le De Bhaldraithe - Foclóir Béarla
    Gaeilge

46
Príomhshaothair
Cioth is Dealán cnuasach de ghearrscéalta - 1927
Caisleáin Óir úrscéal 1924
Mo Dhá Róisín úrscéal 1921
  • Stíl theoranta, pharóisteach
  • 12 chnuasach dá scéalta foilsithe idir 1940 -
    1968
  • Mí-shásta lena shaol mar scríbhneoir Gaeilge -
  • mhóidigh sé an lá ar chuir sé peann le pár

47
Príomhshaothair
Cioth is Dealán cnuasach de ghearrscéalta - 1927
Caisleáin Óir úrscéal 1924
Mo Dhá Róisín úrscéal 1921
  • Stíl theoranta, pharóisteach
  • 12 chnuasach dá scéalta foilsithe idir 1940 -
    1968
  • Mí-shásta lena shaol mar scríbhneoir Gaeilge -
  • mhóidigh sé an lá ar chuir sé peann le pár

48
Caisleáin Óir úrscéal 1924
Mo Dhá Róisín úrscéal 1921
I 1918 foilsíodh Mo Dhá Róisín agus Caisleán Óir
i 1924, dhá leabhar a bhfuil an-cháil orthu ó
shin, i measc na nUltach go háirithe, agus ar
fhoghlaim cúpla glúin daoine cuid mháith dá gcuid
Gaeilge astu. Ach má dhéantar beagán iniúchadh ar
na leabhair seo, is léir go bhfuil siad lag
ó thaobh ealaín an úrscéil. (Ó Doibhlin)
49
An t-úrscéal eachtraíochta
Cathal Ó Sandair (1922 1996)
  • Rugadh é i Sasana in Weston-Super-Mare
  • Ba Shasanach a dhaid, Éireannach a Mham
  • Aistríodh an teaghlach go Éirinn ina óige
  • 1943 a chéad úrscéal Réics Carló
  • Dfhoilsigh sé thart ar 160 leabhar
  • Díoladh níos ná 500,000 dá shaothair

50
An t-úrscéal eachtraíochta
Cathal Ó Sandair (1922 1996)
An corpán sa trúnc (1944) An t-eitleán
do-fheicthe (1943) Triocha píosa airgid (1943)
Uathbhás i mBrugh na Bóinne (1944) Dún?harbhú i
bPáirc an Chrócaigh (1944) Súile an fodhail
(1946) Soir ón Rio Grande (1949) Réics Carló ar
an ngealaigh (1950) Réics Carló ar dhá eachtra
eile (1950) Réics Carló san Aifric (1951) Réics
Carló san Éigipt (1951)
51
An t-úrscéal eachtraíochta
Scríbhneoirí eile agus a saothair
Ciarnán Ó Nualláin - Oíche i nGleann na nGealt
Mícheál Ó Gríobhtha - Lorgaireacht Seoirse Mac
Liam - An Doras do Plabadh Uilliam Ó Riain -
Tost (1927) Tá an t-úrscéal Tost roinnte i
dtrí thréimhse. Tá dhá thréimhse lonnaithe sa
todhchaí. Tá Éire faoi ionsaí ag dhá Ollchumhacht
mhóra. Leanann tréimhse throm ansmachta sa tír
sula Dtagann an laoch le cabhair ón dá Mheiriceá
ina n-oll-longa Ponncánacha
52
(CUID 3)
An Fhilíocht san Fhichiú hAois
53
An Fhilíocht sa Fhichiú hAois
1900 2000
54
An Fhilíocht sa Fhichiú hAois
1900 2000
CEAD CAINTE
55
An Fhilíocht sa Fhichiú hAois
1900 2000
56
An Fhilíocht sa Fhichiú hAois
Dubhghlas de hÍde 1860 -1949
  • Simplíocht
  • Laethúlacht
  • taithí phearsanta
  • an fhile
  • 4.Cúmarsáid shoiléir

Fuarfheadaíl ghéar Na gaoithe géire
fuaire Síorshéideadh ar an spéir, Och! liomsa
buaigneach. Ardtorann na dtonn In aghaidh na
trá a bualadh, An gharbhgháir áibhéil
throim, Och! liomsa buaigneach.
57
An Fhilíocht sa Fhichiú hAois
58
An Fhilíocht sa Fhichiú hAois
Leoithne Andeas (1905)
I mBaile Bhúirne do gheobhthá an fhéileacht, Is
fíor-chroidhe Gaedhealach is gnáthach romhat Mná
tighe múinte agus leanbhaí Léigheanta, Mar ba
dhual do Ghaeidhil bheith de réir sean-nós.
  • neamhphearsantacht
  • dánta molta
  • aithris ar na sean-traidisiúin fhilíochta
  • doiléire/ castacht

59
An Fhilíocht sa Fhichiú hAois
Liam S. Gógan
Pádraig Mac Piarais
60
An Fhilíocht sa Fhichiú hAois
Pádraig Mac Piarais 1879 -1916
Fornocht do chonac thú a áille na háille, Is do
dhallas mo shúil ar eagla go stánfainn. Do
chualas do cheol, a bhinne na binne, Is do dhúnas
mo chluas ar eagla go gcloisfinn. Do bhlaiseas
do bhéal a mhilse na milse, Is do chruas mo
chroí, ar eagla mo mhillte.
  1. simplíocht na cainte
  2. aithris ar an Aisling
  3. ábhar pearsanta
  4. ciútaí fileata

61
An Fhilíocht sa Fhichiú hAois
62
An Fhilíocht sa Fhichiú hAois
Liam S. Gógan
Pádraig Mac Piarais
63
An Fhilíocht sa Fhichiú hAois
Liam S. Gógan 1891 - 1979
Liobharn Stáit
Fé shuaimhneas ná coisctear Ar aghaidh arís go
ngabhaid, Lichtéir na dtaibhrthí bhfolamh Is
foireann cúpla cnaiste Nach eol dóibh
gal is gaisce Na bhfarraigí bhforard.
  1. neamhphearsantacht
  2. stíl chasta indíreach
  3. téama polaitiúil
  4. smaointe dóiléire

64
An Fhilíocht sa Fhichiú hAois
Máire Mhac an tSaoi
Máirtín Ó Direáin
65
An Fhilíocht sa Fhichiú hAois
Máirtín Ó Direáin 1910 - 1988
Ár Ré Dhéáróil (1959)
Tá cime romham Tá cime i mo dhiaidh Is mé féin
ina lár I mo chime maar chách Ó dfhágamar
slán Ag talamh ag trá Gur thit orainn crann an
éigin
Cár imigh an aoibh An gáire is an gnaoi An
t-aiteas úrchrothach naíonda Gan súil le
glóir, Le héacht inár dtreo Ná breith ar an nóin
ag éinne.
  1. Díláithriú an fhile, deoraíocht
  2. T.S. Elliott cf. The Wasteland
  3. Simplíocht stíle
  4. Pearsantacht agus dáiríre
  5. Teanga/ taithí na Gaeltachta

66
An Fhilíocht sa Fhichiú hAois
Máire Mhac an tSaoi
Máirtín Ó Direáin
67
An Fhilíocht sa Fhichiú hAois
Máire Mhac an tSaoi 1926 -
1. Rithimí an Amhráin Tíre
68
An Fhilíocht sa Fhichiú hAois
Máire Mhac an tSaoi 1926 -
2. foinse ábhair á lorg de shíor sna seandánta
69
An Fhilíocht sa Fhichiú hAois
70
An Fhilíocht sa Fhichiú hAois
Seán Ó Ríordáin
Filí INNTI
71
An Fhilíocht sa Fhichiú hAois
Seán Ó Ríordáin 1917 - 1977
Ríordánú
Eireaball Spideoige (1952)
Cad is filíocht ann?
72
An Fhilíocht sa Fhichiú hAois
Seán Ó Ríordáin 1917 - 1977
Ríordánú
Sin capall Mháire ag dul thar bráid!
73
Airíonn sé fuaim an chapaill. Blaiseann sé fuaim
an chapaill ar son na fuaime féinbreithníonn sé
cosa deiridh an chapaill agus déanann sé ionadh
dá n-údarásacht agus dá seandacht. Agus líontar
an saol de chapall-alltacht agus de
shodardhraíocht. Sin bheith fé ghné eile agus
sin, dar liom, filíocht.
74
An Peaca v an Phaidir
Malairt
Gabh i leith, arsa Turnbull, go bhfeice tú an
brón I súilibh an chapaill, Dá mbeadh crúba
chomh mór leo sin fútsa bheadh brón Id shúilibh
chomh maith leis.
Dfhéachas ar an gcapall go bhfeicfinn an
brón na shúilibh ag seasamh, Chonaic súile
Turnbull ag féachaint im threo As cloigeann an
chapaill.
Dfhéachas ar Turnbull is dfhéachas air fa
dhó Is do chonac ar a leacain Na súile rómhóra a
bhí balbh le brón Súile an chapaill.
75
An Peaca v an Phaidir
Paidir
An abrófá paidir dom? Adúirtse léi an mhaidin
sin, Is dúirt sí, Fuafad dainmse Mar shnáith
trí bhréidín paidre, Is chím anois a haigne Mar
chapaillín san eaglais Is mainmse mar
eireaball Ar foluain san aer.
76
An Peaca v an Phaidir
Paidir
An abrófá paidir dom? Adúirtse léi an mhaidin
sin, Is dúirt sí, Fuafad dainmse Mar shnáith
trí bhréidín paidre, Is chím anois a haigne Mar
chapaillín san eaglais Is mainmse mar
eireaball Ar foluain san aer.
77
Fealsúnacht an Ríordánaigh
Rian na gCos
Anois ba mhaith liom bualadh leis Nuair nach
féidir é, Ó dheas a ghaibh sé an mhaidin
sin, Aneas ní thiocfaidh sé.
Ní raibh sé ann gur imigh sé Ní hann go has go
brách, An duine tá imithe Atá sé siúd iomlán.
Níor saolaíodh é gur cailleadh mé Is mó mé i mise
amháin Scata a scrí na ranna seo Duine as gach
anáil.
78
Fealsúnacht an Ríordánaigh
Daoirse
Dá labhródh bean leat íseal Ná hísleofá do
ghuth? Dá mbeadh an bhean réasúnta Ná réasúnófaí
tú? Ach gheobhair san ísleacht uaisleacht Mar
uaisleofar do ghuth, Is tabharfar sa
réasúnacht Míréasúnú duit Dá mhéad a ghéillfir
uaitse Is is lú a éileofar ort,
79
Fealsúnacht an Ríordánaigh
Daoirse
Ná tabhair do daoirse diúltamh Is tabharfar
saoirse duit, Mar domhan is ea an tsaoirse, Is
tír gach daoirse inti, Is níl laistigh daon
daoirse Ach saoirse ón daoirse sin.
80
An Fhilíocht sa Fhichiú hAois
Ó Searcaigh
Colm Breathnach
81
Ó Searcaigh 1956 -
  1. Saibhreas na teanga
  2. Rithimí agus meadarachtaí traidisiúnta forbartha
  3. Fealsúnacht dá chuid féin
  4. Turgnamhachas

82
Ó Searcaigh 1956 -
  1. Saibhreas na teanga
  2. Rithimí agus meadarachtaí traidisiúnta forbartha
  3. Fealsúnacht dá chuid féin
  4. Turgnamhachas

Trathnóna Samhna idir dall is dorchadas agus an
ghrian ag gabháil as ar chúl na Malacha, chífeá
ba riabhacha na bpianónna ag innilt sa chaorán ó
Phrochlais go hÁltán. Iad salach cáidheach, ag
spágáil i gclábar agus i gcuisreach, i
gcuideachta na bhfroganna.
I dtost bog an bhogaigh, chluinfeá géim úscach a
gcuid geantraí, nó uaireanta, siúl spadach a
gcuid siansaí. Corr- Uair chluinfeá plobarsach
bogchaointeach a gcuid goltraí. Agus bhéarfá
mionna go raibh a gcuid coinseartónna ag Déanamh
bainne géar den aer.
83
Ó Searcaigh 1956 -
  1. Saibhreas na teanga
  2. Rithimí agus meadarachtaí traidisiúnta forbartha
  3. Fealsúnacht dá chuid féin
  4. Turgnamhachas

Is mian ár gcroí go dtarlóidh míorúiltí agus
iontaisí Go bhfosclóidh doirse diamhra ar dhúnta
rúnda sí Go mbaintear an brat den oíche thig
anuas ar an chroí Go bhfeicfidh muid dath an
gaoithe agus muid in ísle brí Go dtógfaidh muid
ár seolta g buan ar aigéan mór na scáil Go
seolfar muid i gcuanta nach bhfuil fós ar aon
léarscáil.
84
Ó Searcaigh 1956 -
  1. Saibhreas na teanga
  2. Rithimí agus meadarachtaí traidisiúnta forbartha
  3. Fealsúnacht dá chuid féin
  4. Turgnamhachas

Is nua-aoiseoir é Cathal Ó Searcaigh, ach is
nua- aoiseachas a mbíonn blaiseadh den
chríostaíocht le fáil ann i gcónaí If youre
going to San Falcarragh be sure to wear your
rosary beads in your hair (T.S. lch. 34)
Ar an croisbhealaí a casadh orm iad lá aonaigh
sna seascaidí soiscéalaithe na mbáthanna is an
ghrá, Iad niamhrach i mbratógaí.
85
Ó Searcaigh 1956 -
4. Turgnamhachas Cainteoir Dúchais
Bhí sé flat-out, a dúirt sé i gcaitheamh na
maidine. Rinne sé an t-árasán a hoovereáil na
boscaí bruscair a jeyes-fluideáil, An loo a
harpiceáil, an bath a vimeáil, Ansin rinne sé an
t-úrlár a flasháil na fuinneoga a
windoleneáil agus na leapacha a
eau-de-cologneáil. Bhí sé shagáilte, a dúirt
sé, ach ina dhiaidh sin agus uile rachadh sé
amach ag chruiseáil bfhéidir, a dúirt sé, go
mbuailfeadh sé le boc inteacht a mbeadh Gaeilge
aige.
86
An Fhilíocht sa Fhichiú hAois
Ó Searcaigh
Colm Breathnach
87
Colm Breathnach 1961 -
Trén bhfearann Breac
Ní labhraíonn sí a thuilleaadh liom, an áit
seo, Is níl aon bhuanaíocht ag mo theanga níos mó
inti. Níor chuaigh mo phréamhacha síos ach fad
áirithe Is táid ag dreo anois chean taca
uaithi. Caitheadh salann ar an scraith
uachtair Is treabhadh síos go dtí an
t-íochtar Ní féidir léi tál a thuilleadh a
muirín Ar mo thalamh féin is fás coimhthíoch mé
88
Ar an mbóthar idirdhá chathair Go bhfuil dhá ainm
ar gach ceann acu Léim na focail ar na
comharthaí. Táim ag taisteal trén bhfearann
breac Is ta dhá ainm ar gach aon bhaile
ann. Claonadh Clane Cill Dara Kildare Baile
Dháith Litteton Cúil an tSúdaire
Portarlington An tainm dúchais Sa chló
iodálach Claoninsint ar stair na háite An tainm
dúchais Sa chló is lú Faoninsint ag dul ó chlos
89
An Fhilíocht an Teanga Cheart
An Fhilíocht san Fhichiú hAois
1900 2000
Coimhthíos/ deoraíocht Ríordánú
Díláithriú, Foinse Dúchais
An teanga mar atá/ díláithriú
90
Cré na Cille (1948)(Tréimhse liteartha i ndiaidh
Cré na Cille)
(CUID 4)
91
Athraíonn cúrsa na litríochta nua-aimseartha sa
phrós le foilsiú Cré na Cille
  • Cé go mbaineann Cré na Cille leis an ré
    nua-chlasaiceach réalachas, cúisiúlacht na
    n-eachtraí, soiléire na cumarsáide, tá eilimintí
    den phrós meitificseanúil ann freisin easpa
    plota, cúl le dochúlacht, prós féinthagartha.
  • Saibhreas teanga, comhréir nádúrtha.
  • Frith-insint i gcoinne na hinste oifigiúla Stáit
  • Mionainillís ar shaol inmheánach an duine
  • Teimpléad nua i gcomhair aortha agus
    scithaithrisí.

92
Cuimsíonn anáil Shaothar Uí Chadhain réimse mór
de genres i nua-litríocht an phróis. Ar na trí
cinn is tábhachtaí atá
  1. Aortha i gcoinne modus narrandi oifigiúil an
    Stáit
  2. Litríocht an chultúir dhíláithrithe
  3. Meitificsean

93
Aortha
i gcoinne statis quo liteartha stáit agus
eaglaise tar éis An Béal Bocht (1941) Cré na
Cille (1949) Breandán Ó hEithir (1930 1990)
Lig Sinn i gCathú Pádraig Ó Maoileoin (1913
2002) Ó Thuaidh Dónall Mac Amhlaidh (1926
1989) Schnitzer Ó Sé Alan Titley (1947- ) Stiall
Fhial Feola
94
Lig Sinn I gCathú (1976)
Aoir faoi éagumas agus shuarachas lucht
stiúrtha na tíre agus easpa dáiríreachta an
Stáit. Is iad na carachtair go léir atá cáinte
ag Ó hEithir agus ina gceap magaidh aige an
Púca, doirseoir an Choláiste nach bhfuil meas
madra aige ar na dlíodóirí agus sean-blueshirts
agus iad chomh cam le cos deiridh cait.
Monsignor de Bláca, uachtarán a choláiste atá
ina mheisceoir agus Máirtín Ó Méalóid atá ina
mhac léinn síoraí. Úsáideann Ó hEithir Murtaí Ó
Gríofa a scríobhann alt dar teideal Poblacht na
mBocht agus na Nocht chun aoir a dhéanamh ar
éagumas an Stáit féin.
95
Ó Thuaidh (1983)
Fronsa faoi na haircitíopaí a fhaightear faoin
tuath Tagann Meirceánach Bod Bod go dtí an
tOileán Bán leis an smaoineamh campa aeraíochta
gnéis a chur ar bun. Oileánaigh sásta an
tOileán, a n-oidhreacht, a dhíol má tá an praghas
ceart á thairiscint dóibh. Stopann lucht
athbheochana ó Chorcaigh cur i gcrích an
tionscnaimh- an file Micheál, agus Meig (i. Peig
Sayers) ina measc.
96
Schnitzer Ó Sé (1987)
Aoir magadh agus scithaithris ar chultúr agus
ar oidhreacht liteartha na hÉireann Sa leabhar
seo ionasaíonn Mac Amhlaidh faoi na ba sacráilte
go léir Fiú ní éalaíonn Seán Ó Ríordáin ó
pheann aigéadach Mhic Amhlaidh An mó
Schnitzer i Schnitzer? An mó de Schnitzer
ionainn go léir. Mar is follas go bhfuilimid
schnitzerithe a bheag nó a mhór faoi seo
97
Stiall Fhial Feola (1985)
Aoir aoir shóisialta ar an gcanbhás
mór. Coiméide dhubh le carn mór de
charachtair dhathúla fhiáine ilchuimsitheacha
cailéideascóp ilchineálach é ag soilsiú an tsaoil
nua faoi scáileanna na cathrach
nua-aoisí. Carachtair sa leabhar atá
so-aitheanta ar shráideanna na cathrach inniu.
Aithnitear gan mórán dua an múinteoir
coimeádach, an sagart aisteach a bhfuil tuiscint
aduain chanablach aige ar mhistéir an
transubstaintithe
98
Mar a bhí carachtair Chré na Cille marbh
agus díláithrithe féictear an díláithriú
seo mar chuid dílis i roinnt mhaith de litríocht
na Gaeilge
Séamus Ó Néill (1910 - 1981) Máire Nic
Ártáin Breandán Ó Doibhlin (1931 -) An Branar
gan Cur Diarmaid Ó Súilleabháin (1932 1985)
An Uain Bheo Dónall Mac Amhlaidh (1926 1989)
Dialann Deoraí Siobhán Ní Súilleabháin (1928 - )
Cití (dráma)
99
Máire Nic Ártáin (1959)
Úrscéal faoin tsochaí dheighilte coimhthíos
agus uaigneas i gcultúr gallda. Is iad Máire
Nic Ártain, cailín óg Caitliceach agus í i ngrá
le buachaill protastúnach, darb ainm Seoirse Mac
Ghiolla Ruaidh atá ina bpríomh- charachtar san
úrscéal seo. I measc sluaite plódaithe an
mhórshiúil Oráistigh, is léir do Mháire nárbh
fhéidir léi glacadh choíche leis na traidisiúin,
na nósanna, na sothóga a bheadh ina mballa
dosháraithe idir í féin agus an grá a bhí aici
do Sheoirse. Anois bhí a fhios aici cén fáth ar
bhain sí an ribín de Sheoirse ar maidin mar Bhí
an ribín sin ag teacht idir í agus Seoirse.
100
An Uain Bheo (1968)
Úrscéal faoi dhuine díláithrithe turas i sochaí
choimhthíoch ar lorg na dáiríreachta agus
aga faoisimh Is é Louis Stein, príomhcharachtar
an úrscéil, ag déanamh comhluadair le scothaicme
na cathrach lena gcuid carranna, capall
agus éadaí galánta. Ní féidir le Louis ionannú
leis an modus vivendi búirgéiseach seo.
Giúdach dífhréamhaithe is ea Louis Stein
agus feictear cosúlachtaí móra idir é agus Bloom
as Ulysses. Bíonn an bheirt charachtar ar lorg
an fhiúntais iontu féin ach iad scoite amach ón
tsochaí ina maireann siad.
101
An Branar gan Cur (1979)
Úrscéal faoi Chlaochlú turas inmheánach Idir
dhá chultúr, idir dhá chomhairle. Is é Fearghas
Mac Ghiolla Chalma, príomh- charachtar an
úrscéil, ar thuras traenach ó Bhaile Átha Cliath
go Doire, ó shaol an phósta lena ghrá, Laura, go
saol an tsagairt aontumha i sochaí dheighilte
Tarlaíonn an turas ar Oíche Shamhna agus is
siombail é seo de thraslíne idir dhá
theorainn pholaitiúla, dhá chultúr dhifriúla, dhá
shaol agus dhá bhealach éagsúla lena shaol a
chaitheamh. Faoi dheireadh, roghnaíonn Fearghas
Laura.
102
Cití (1975)
Dráma faoi Chlaochlú bean óg atá ag
iarraidh Éalú ó shaol clástrafóibeach na
Gaeltachta. Teastaíonn ó Chití, príomhcharachtar
an dráma, éalú go Sasana le Jonathan a mheallann
í. Nuair a thagann lucht déanta scannán go dtí a
ceantar, tosaíonn sí ag ceistiú luachanna
a muintire maidir lena ról traidisiúnta mar
bhean. Tá feidhm mheafarach ag an chaidreamh
idir Cití agus Jonathan mar is léiriú é ar an
sórt teagmhála cultúrtha a bhíonn ag an
Ghaeltacht agus an saol lasmuigh.
103
Sa tslí chéanna mar a dheantar in Cré na Cille
Is minic inniu nach ndéantar iarracht cloí le
réalachas ar bith sna húrscéalta a
scríobhadh sna hochtóidí agus sna nóchaidí
  1. cúl le plota
  2. cúl le dóchúlacht
  3. cúl le cúisiúlacht na n-eachtraí
  4. cúl le trédhearcacht urlabhraíoch

Lorcán Ó Treasaigh (1956) Sracfhéachaint
(85) Séamus Mac Annaidh (1961) Cuaifeach mo
Londubh Buí (83) Robert Schumann (?)
Kinderszenen (87) Liam Mac Cóil (1952) An Dr
Áthas (94) Pádraig Ó Cíobháin (1951- ) Geineasas
(91) Micheál Ó Conghaile (1962-) An Fear a
Phléasc (97)
Write a Comment
User Comments (0)
About PowerShow.com