D - PowerPoint PPT Presentation

1 / 3
About This Presentation
Title:

D

Description:

D s le Siobh n N Shuilleabh n Staid ar ar charachtair , go h irithe l n in p sta an sc al seo. N tharla onn m r n ach faigheann an l itheoir ... – PowerPoint PPT presentation

Number of Views:36
Avg rating:3.0/5.0
Slides: 4
Provided by: Nicola231
Category:
Tags: design

less

Transcript and Presenter's Notes

Title: D


1
Dís le Siobhán Ní Shuilleabháín
  • Staidéar ar charachtairí, go háirithe lánúin
    pósta é an scéal seo. Ní tharlaíonn mórán ach
    faigheann an léitheoir sracfhéachaint ar
    gnáthshaol na ndaoine seo. Is suimiúil iad na
    léargas difriúla a fheictear tríd an chúrsa nua
    seo ó Colscaradh go An Gnáthrud agus fiú Mo
    Ghrá-sa ar an ngrá ach go háirithe. Is mór an
    éagsúlacht atá le fáil ar ghaolta agus chaidreamh
    idir dhaoine.
  • Sa ghearrscéal seo Dís, tugann an t-athrá ag an
    tús agus ag an deireadh teachtaireacht dúinn.is
    mar seo a mbíonn an saol don bheirt seo i gcónaí.
    Is cuma cén eachtraí a tharlaíonn go laethúil,
    míosúil nó fiú bliantúil, ní athraíonn an saol
    dóibh riamh.
  • Ceist Samplach- coimhlint idir dearcadh na mná
    agus an fhir

2
  • Ceapaim go bhfuil léíriú le fáil ar dearcadh
    sean-fhaiseanta na bhfear sa scéal seo. Duine
    leisciúil é Seán i mo thuairim. Cé go raibh sé
    amuigh ag obair don lá ar fad ní raibh sé sásta
    teacht abhaile agus comhrá fiú a dhéanamh lena
    bhean chéile. Ní raibh uaithi ach aird ach ba
    chuma le Seán. Bhí sé gafa leis an nuachtán gach
    oíche, bhí ciúnas agus faoiseamh uaidh. Feicim
    dearcadh sean-fhaiseanta céanna an fhir i
    gColscaradh le Pádraig Mac Suibhne.
  • I gceann Seán is mór an difir idir post na mban
    agus post na bhfear. Ba cheart dá bhean chéile
    bheith ag tabhairt aire don leanbh agus an
    dinnéar bheith réidh aici dó ag deireadh an lae.
  • Dearcadh fíor shean-fhaiseanta é seo agus sílim
    go raibh meon cúng-aigeanta aige, ní raibh suim
    dá laghad ag Sean i saol a mhná.

3
  • I gcodarsnacht leis an dearcadh sean-fhaiseanta
    seo feicim gur duine nua-aimseartha í a bhean
    céile. Tuigim go raibh sí ag éirí brean den
    saol, greamaithe sa bhaile leis an bpáiste gan
    aon caint, comhrá ná cairde aici.
  • Tá sise ag iarraidh a saol a dhéanamh níos
    suimiúla agus bhí sí lán-sásta labhairt le bean
    an tsuirbhé. Ba mhaith léi a saol a athrú ach ní
    bheadh Seán sásta le sin. Tuigim gur duine
    cliste í ag imirt cluichi siceolaíochta le Seán
    faoin suirbhé agus ceapaim gur duine simplí é
    Seán le mianta simplí aige teach glan agus bia
    ar an mbord.
  • Ar an iomlán tá saol corraitheach uaithi, le
    stádas aici sa sochaí ach ní raibh aon athrú
    uaidh, is dócha go mbeadh sé sásta an páipéar a
    léamh go deo. Sin an difir agus an gcoimhlint
    idir meon na ngéasa sa scéal seo, dar liom.
Write a Comment
User Comments (0)
About PowerShow.com