Beo go Deo R. 1 T3 C6 - PowerPoint PPT Presentation

About This Presentation
Title:

Beo go Deo R. 1 T3 C6

Description:

Cabhraigh Linn, A Spioraid Naoimh Bunaithe ar Beo go Deo 3: T arma 3, Ceacht 6 T acs an Mh inteora lgh. 308-315 Cad at f m a dh anamh? Sc al na Cinc se a ... – PowerPoint PPT presentation

Number of Views:95
Avg rating:3.0/5.0
Slides: 11
Provided by: educatio222
Category:
Tags: beo | deo | nios

less

Transcript and Presenter's Notes

Title: Beo go Deo R. 1 T3 C6


1
Cabhraigh Linn, A Spioraid Naoimh
  • Bunaithe ar Beo go Deo 3 Téarma 3, Ceacht 6
  • Téacs an Mhúinteora lgh. 308-315
  • Cad atá fúm a dhéanamh?
  • Scéal na Cincíse a chur i láthair na bpáistí.
  • Cén fáth?
  • Sa dóigh is go dtuigfidh siad tíolacadh an
    Spioraid Naoimh ina saol féin agus a bheith in
    ann freagairt do spreagadh an Spioraid agus
    maireachtáil de réir mar a diarr Íosa orainn.

2
  • Bhí uaigneas agus brón ar chairde Íosa gan é.
  • Dfhan siad le chéile i seomra leo féin. Bhí brón
    le feiceáil ar a n-aghaidheanna. Mhothaigh siad
    Íosa uathu. Ní raibh a fhios ag aon duine acu cad
    a ba chóir dóibh a dhéanamh gan é.

3
  • Go tobann, chuala siad torann mar leoithne
    ghaoithe. Déirigh sí ní bairde agus ní ba
    láidre gur líon gaoth chumhachtach an seomra ar
    fad.
  • Bhí solas geal le feiceáil sa seomra freisin.

4
  • Cad é seo?
  • Cad atá ar siúl?a scairt siad amach agus iad ag
    léimt ina seasamh.
  • Ar dtús, bhí eagla orthu, ach lean an ghaoth ag
    séideadh agus lean an solas ag lonrú an tseomra.

5
  • Díreach ansin chuimhnigh duine acu ar na
    focail a dúirt Íosa Iarrfaidh mé ar mAthair
    agus cuirfidh sé an Spiorad Naomh chugaibh le
    bheith libh go deo.
  •  

6
  • ,
  • Léim sé suas, ní raibh eagla air anois. Dardaigh
    sé a cheann agus scairt sé amach Tá an Spiorad
    Naomh tagtha. Tá an Spiorad Naomh tagtha. Tá an
    Spiorad Naomh a gheall Íosa dúinn anseo linn
    anois!
  • .

7
  • Dardaigh siad a gcinn, sheas siad díreach
    agus rinne siad damhsa le háthas. Chuaigh siad
    amach ar na sráideanna ag damhsa. Ní raibh eagla
    orthu níos mó. Bhí a fhios acu anois cad a ba
    chóir dóibh a dhéanamh. Chan siad sna sráideanna.
  • Dinis siad do gach duine faoina gcara Íosa.

8
  • Dinis siad dóibh faoin Spiorad Naomh a líon a
    gcroíthe le háthas agus le misneach.

9
Bhí ionadh an domhain ar mhuintir na háite.
Sheas siad ag stánadh ar na deisceabail.
Theastaigh uathu eolas a fháil i dtaobh Íosa.
10
Caithfidh sibh baisteadh agus an Spiorad Naomh
a ghlacadh. Tabharfaidh sé misneach agus
críonnacht daoibh. Cabhróidh an Spiorad Naomh
libh maireachtáil mar a diarr Íosa orainn.
Write a Comment
User Comments (0)
About PowerShow.com