Sc - PowerPoint PPT Presentation

1 / 15
About This Presentation
Title:

Sc

Description:

C n f th an sc ala ocht? Taitneamh Aidhm an Churaclaim. Sp is a choth -Sn thaonad ... Leanann na p ist treoracha n m inteoir, 'cuir dath donn ar chluasa an mhadra' ... – PowerPoint PPT presentation

Number of Views:225
Avg rating:3.0/5.0
Slides: 16
Provided by: PCSP1
Category:
Tags: donn

less

Transcript and Presenter's Notes

Title: Sc


1
Scéalaíocht sa Ghaeilge
  • Óstán Galway Bay
  • Ruairí Mac Dónaill
  • Mi na Samhna 2007

2
Fáilte
  • Cén fáth an scéalaíocht?
  • Taitneamh Aidhm an Churaclaim
  • Spéis a chothú -Snáthaonad
  • Tuiscint teanga - Snáthaonad
  • Úsáid teanga- Snáthaonad

3
An Scéalaíocht
  • Is bealach isteach i saol na samhlaíochta agus na
    mothúchán iad na scéalta.
  • Éalaíonn na páistí i bhfad ón ngnáthshaol ar
    bhrat draíochta na scéalaíochta agus cuireann sé
    sin lena bpléisiúr. (T.M. lch. 101)

4
Scéalaíocht agus forbairt na cumarsáide
  • saibhreas teanga Agus cá bhfuil mo mhála scoile,
    bhí mé cinnte gur fhág mé sa chistin é
  • leaganacha cainte-Bealaí éagsúla chun an rud
    céanna a rá mar shampla go maith
  • feasacht cultúir
  • struchtúr - tús, lár agus deireadh
  • T.M.lch.100-101104-105

5
Scéalta a roghnú
  • Scéalta atá ar eolas
  • Na Trí Mhuc
  • Na Trí Bhéar
  • Cochaillín Dearg
  • An Tornapa Mór
  • Jeaic agus an Gas Pónaire
  • An Buachaillín Sinséir
  • Tomás na h-Ordóige le Noirín Ní Nuadhain

6
Tréithe scéalta oiriúnacha
  • Athrá
  • Cloiste cheana i dteanga eile acu, tuigeann siad
    an scéal
  • Léaráidí tarraingteacha
  • Scéal ann le
  • Tús
  • Lár
  • Deireadh

7
Cur Chuige
  • Réamhchumarsáid nó Réamhéisteacht
  • Foclóir nua a thabhairt
  • Carachtair a chur in aithne
  • Cumarsáid
  • An scéal ina iomláine a insint
  • Má tá go leor athrá bíodh na páistí á insint leat
  • Iarchumarsáid
  • Dráma den scéal.
  • Bainfimid triail as!

8
Forbairt an cheachta
  • Tascanna bunaithe ar an scéal
  • Mascanna a dhéanamh
  • Puipéid a dhéanamh
  • Treoracha a leanúint
  • Éist agus Dathaigh
  • Eist agus Gearr
  • Éist agus Tarraing
  • Agallamh idir carachtair
  • Cé tusa ? Is mise Reics, an madra An maith
    leat cnámh? Is maith liom cnámh, bhuf, bhuf

9
Ceacht 2
  • Réamhchumarsáid
  • -Téigh siar ar an bhfoclóir nua
  • -Tasc tabhair puipéad den bhfear agus den bhean
    (lch72) do ghach leanbh. Leanann na páistí
    treoracha ón múinteoir, cuir dath glas ar an
    léine,
  • cuir dath buí ar a bhríste rl(Bíodh na
    treoracha oiriúnach do leibhéal tuisceana an
    ranga) Tóg siosúir ,gearr ar an líne briste
  • Cumarsáid
  • Inis an scéal le cabhair ó na páistí, ag baint
    úsáide as na bpictiúir. Fág bearnaí agus tú ag
    insint an scéil ionas gur féidir leis na páistí
    na bearnaí a líonadh.Déan dráma má tá am
  • Iarchumarsáid
  • Bain úsáid as na puipéid chun obair bheirte a
    dhéanamh. An fear ag páiste amháin agus an bhean
    ag páiste eile.
  • Fear Ó tá ocras orm.Rrrrr. Tá an tornapa
    ró-mhór .Cabhraigh liom, cabhraigh liom
  • Bean Tá go maith ,táim ag teacht.Rrrrrrr. Tá
    an tornapa ró-mhór.
  • -Bain úsáid as teanga an scéil sa rang,
    Cabhraigh liom Seán
  • -Múin Cabhraigh liom a mhúinteoir

10
Ceacht 3
  • Réamhchumarsáid
  • -Tasc tabhair puipéad de chluasa an mhadra agus
    an cat agus (lch75)do ghach leanbh. Leanann na
    páistí treoracha ón múinteoir, cuir dath donn ar
    chluasa an mhadra,
  • cuir dath Dubh ar chluasa an chait rl(Bíodh
    na treoracha oiriúnach do leibhéal tuisceana an
    ranga) Tóg siosúir ,gearr ar an líne briste
  • Greamaigh na cluasa ar phíosa chairtchlár
  • Ba chóir don mhúinteoir na gníomhartha seo ar
    fad a dhéanamh os comhair an ranga ionas go
    gcloiseann agus go bhfeiceann gach páiste an rud
    atá le déanamh.
  • Cumarsáid
  • Inis an scéal le cabhair ó na páistí, ag baint
    úsáide as na bpictiúir. Fág bearnaí agus tú ag
    insint an scéil ionas gur féidir leis na páistí
    na bearnaí a líonadh.Baineann na páistí úsáid as
    na frápaí (cluasa ,puipéid) agus iad ag cabhrú
    leat
  • Iarchumarsáid
  • -Obair bheirte. Bíodh comhrá idir carachtéir
  • Mar shampla
  • Fear Cé thusa?
  • Madra Mise Rex
  • Fear An maith leat bainne?
  • MadraNí maith liom, is maith liom cnámh bhuf
    bhuf
  • Arís tá se fíor thábhachtach don mhúinteoir na
    sceitsí beaga seo a mhúnlú ar dtús

11
Ceacht 4
  • Réamhchumarsáid
  • -Na pictiúir a chur in ord. Cuireann an
    múinteoir na pictiúirí suas san ord mí-cheart
    agus lorgaíonn sé/sí cabhair óna páistí an scéal
    a chur i gceart(an-chuid plé agus caint)
  • -Obair bheirte. Bíodh comhrá idir carachtéir.
    Cuir leis an comhrá thuas le
  • carachtéir nua, an bhean agus an cat.
  • Cumarsáid
  • Na páisti agus tusa ag insint an scéil ach ta
    páirt ar leith ag gach bord
  • Malartaigh na páirteanna timpeall
  • Iarchumarsáid
  • Déanann na páisti sceitse beag ag baint úsáide
    as aon foclóir atá acu bunaithe ar an téama ata
    ar siúl an seachtain sin.
  • - Obair Ghrúpa-Na pictiúir a chur in ord.Bíonn
    sraith de phictiúirí an scéal ag gach bord(Tá
    cead iad a chóipeáil agus tá siad soiléir dubh
    agus bán)Cuireann páiste na pictiúirí amach san
    ord mí-cheart agus lorgaíonn sé/sí cabhair óna
    páistí eile an scéal a chur i gceart(an-chuid plé
    agus caint)

12
Ceacht 5
  • Réamhchumarsáid
  • -Aimsigh an pictiúr atá in easnamh Cuireann an
    múinteoir na pictiúirí suas
  • Dúnaigí na súile tógann sé /sí pictiúir amháin
  • Osclaígí na súile. Cén pictiúr a thóg mé?
  • Freagraíonn na páistí le líne ón scéal
  • Cumarsáid
  • Na páisti agus tusa ag insint an scéil ach ta
    páirt ar leith ag gach páiste ag gach bord
  • Malartaigh na páirteanna timpeall
  • Iarchumarsáid
  • Na boird éagsúla ag déanamh an dráma dá chéile
  • Obair ghrúpa-Aimsigh an pictiúr atá in easnamh
    Cuireann aiste ag bord na pictiúirí amach
  • Dúnaigí na súile tógann sé /sí pictiúir amháin
  • Osclaígí na súile. Cén pictiúr a thóg mé?
  • Freagraíonn na páistí le líne ón scéal

13
Forbairt eile
  • Clár bán idirghníomhach
  • Cum scéal ar ócáid speisialta
  • An Nollaig
  • Cuir cúlra isteach
  • Cuir carachtair isteach
  • Bíodh na carachtair ag comhrá
  • Déan taifeada ar an gcomhrá
  • Déan cleachtaí labhartha nó scríofa bunaithe ar
    an scéal

14
Cum Scéal
  • Smaoinigh ar sí-scéal Éireannach
  • An Bradán Feasa
  • Smaoinigh ar 6-8 eachtra sa scéal
  • Cuir frása /caint dhíreach le gach pictiúr
  • Téann, Fionn Óg , go Finnéagas, atá ag
    iascaireacht
  • Bíonn Fionn ag foghlaim
  • Beireann Finnéagas ar an mbradán
  • Fionn á friochtadh Ná blais é
  • Cloigín ar an iasc
  • Pléascann Fionn é, Blaiseann sé é
  • Finneagas ar buille
  • Gach eolas ag Fionn
  • Bain triail as ceann eile!

15
Mar chríoch..
  • Bíodh na páistí ag baint taitneamh as.
  • Bain taitneamh as tú féin
  • Cuir leo
  • Go n-éirí libh
Write a Comment
User Comments (0)
About PowerShow.com