Hansel agus Gretel - PowerPoint PPT Presentation

1 / 14
About This Presentation
Title:

Hansel agus Gretel

Description:

Hansel agus Gretel. M inteoir Aisling. Bh buachaill agus cail n ann fad . ... Chuaigh Mama agus Daid ag si l sa choill fosta. Ansin, chonaic Hansel agus ... – PowerPoint PPT presentation

Number of Views:267
Avg rating:3.0/5.0
Slides: 15
Provided by: stmarysb
Category:
Tags: agus | aisling | gretel | hansel

less

Transcript and Presenter's Notes

Title: Hansel agus Gretel


1

Hansel agus Gretel
Múinteoir Aisling
2
Bhí buachaill agus cailín ann fadó. Hansel agus
Gretel ab ainm dóibh. Chuaigh siad ag siúl sa
choill lá amháin. Chuaigh Mamaí agus Daidí ag
siúl sa choill fosta.
3
Ansin, chonaic Hansel agus Gretel teach álainn.
Rith siad go dtí an teach. Ní fhaca Mamaí ná
Daidí iad ag rith. Bhí an teach go hálainn. Bhí
líreacáin, seacláid agus criospaí le feiceáil. Ó
yum, yum, arsa Hansel agus Gretel le chéile.
4
Dia daoibh, fáilte romhaibh, arsa an chailleach
ghránna. Tar isteach, tar isteach hí, hí,
hí! Beidh líreacáin agaibh. Beidh seacláid
agaibh. Beidh criospaí agaibh. Ó go raibh míle
maith agat, arsa Hansel. Ó go raibh míle maith
agat, arsa Gretel.
5
Damharc Gretel ar an teach déanta as
milseáin. Ó, arsa Gretel, Tá ocras an domhain
orm, ba bhrea liom líreacán nó rud éigin atá deas
blásta! Mise fosta, arsa Hansel.
6
Go tobann, rug an chailleach ghránna ar Hansel
agus chuir sí Hansel bocht isteach sa chiseán.
7
Hansel bocht, bhí sé ag caoineadh agus ag
caoineadh. Lig amach mé! Lig amach mé!, tá
eagla orm, arsa Hansel. Ach bhí plean uafásach
ag an chailleach ghranna!
8
Cupla lá ina dhiaidh sin, tháinig an chailleach
go dtí an ciseán. Tabhair dom do mhéar, a dúirt
sí. Ach níor thug Hansel a mhéar di. Thug sé
cnámh sicín di. Níl tú ramhar!, Tá tú tanaí go
foill !!! Caithfidh tú níos mó a ithe!!! a
bhéic an chailleach ghránna.
9
Lá amháin, bhí ocras an domhain ar an
chailleach. Iosfaidh mé Hansel inniu, ar
sise. Réitigh sí an tábla. Fuair sí scian agus
forc. Fuair sí salann agus piobar. Dhruid sí a
súile. Mmm Mmm, arsa an chailleach ghránna.
10
Chuir sí póta ar an tine. Chuala Gretel an
chailleach agus go tobann, bhrúigh Gretel an
chailleach agus thit sí sa phóta. Lig amach mé.
Lig amach mé, arsa an chailleach. Bhí sí te. Bhí
sí an-te.
11
Rith na páistí abhaile go gasta. Bhí áthas an
domhain orthu. Bhí Mamaí agus Daidí sásta iad a
fheiceáil slán sábháilte.
12
Bhí gach duine sásta Hansel agus Gretel a
fheiceáil ar ais sa bhaile leis an teaghlach
sacu. Bhí cóisir mhór acu.
13
Ó, a Mhamaí, tá brón orainn! Fanfaidh muid in
aice leat amach anseo agus ní labhróidh muid le
strainséirí arís!! Buiochas le Dia, arsa Mamaí
agus Daidí le chéile!
14
An Deireadh
Gaelscoil Phádraig Naofa
Write a Comment
User Comments (0)
About PowerShow.com